A hóige, d’fhág sí an scoil ag 16 bliana, rinne sí 2 bhliain sa bhreis, bhí dúil aici sa scoil. Bhí sí ag iarraidh jab a fháil (bhí sí ag fáil obair i mBealach Féith i siopa) ach thit a máthair agus bhris sí a scoróg agus b’éigean do Ghracie fanacht agus amharc i ndiaidh an eallaigh. Thosaigh sí ag cniotáil geansaithe bána, bean a huncail a bhí ag tabhairt amach cniotála ó na Cinnéidí as Ard an Rátha. Thógtaí na geansaí achan choicís, ceann sa choicís ar dtús a rinne sí ach ansin bhí sí ag déanamh dhá cheann sa choicís, £1 an ceann. Bhíodh sí ag sníodh agus ag cardáil fosta lena máthair. Cuntas ar seo. Bhí túirne acu. D’fhoghlaim sí na patrúin do na geansaí óna aintín. Bhí ainm ar gach patrún. Chuirtí dath ar an olainn ansin le creatáil óna creigeacha. Bhí léir oibre le déanamh ag Gracie le cuidiú lena máthair. | 00:05:37 | |